Soláthraíonn ár leabharlanna rochtain ar sheirbhísí leabharlainne agus faisnéise trí líonra d’ocht mbrainse leabharlainne mar aon lenár Seirbhís Leabharlainne Taistil agus ár Rannóg Staidéir Áitiúil. Is é an Ráiteas Misin atá againn ná” seirbhís inrochtana ardchaighdeáin a sholáthar a fheabhsaíonn saolta phobail Chill Chainnigh, trí acmhainn eolais a sholáthar, samhlaíocht, foghlaim ar feadh an tsaoil agus cultúr a chur chun cinn.'
Inár leabharlanna gheobhaidh tú raon leathan seirbhísí lena n-áirítear leabhair, nuachtáin, irisí, tacaíochtaí foghlama teanga, ábhair litearthachta. Cuireann ár leabharlanna go léir rochtain idirlín saor in aisce ar fáil do bhaill na leabharlainne. Tá rochtain bhreise Wi-Fi ag go leor dár leabharlanna móra
Roghnaigh leabharlann brainse ón roghchlár ar chlé chun a fháil amach cad atá ar fáil i mbrainsí aonair