Skip to main content

Ciorcal Comhrá Gaeilge - Leabharlann Phort an Chalaidh

Dé Máirt 06/06/2023 02:30 - Dé Máirt 27/06/2023 03:30

Táimid ag lorg baill nua le bheith linn le haghaidh cúpla focal. Buailimid le chéile anois gach Máirt ag 2.30pm. Tá sé dírithe ar dhaoine a raibh grá acu don Ghaeilge ach nár bhain úsáid aisti ó bhí siad ar scoil. Mar sin anois mar atá na laethanta ag dul chun síneadh (mar a deir Mise Raifteirí an file) cén fáth nach dtógfaidh tú an seans agus tar leat.

Ar dtús, tá fáilte romhat suí agus éisteacht ach beidh iontas ort cé chomh tapa agus a thiocfaidh do chuid Gaeilge ar ais.