Am Teaghlaigh i do leabharlann

Is cuid dár dtionscnamh náisiúnta um an gCeart chun Léitheoireachta é Am Teaghlaigh i do Leabharlann. Tá gníomhaíochtaí agus imeachtaí deartha chun tacú le cur chuige atá dírithe ar an teaghlach i leith léitheoireachta le páistí.
Tá sé mar aidhm ag an gclár freisin feasacht a mhéadú ar shochair na léitheoireachta agus léitheoireacht a chur chun cinn mar ghníomhaíocht spraíúil, áineasa do leanaí.
Beidh gníomhaíochtaí agus imeachtaí oiriúnacha don teaghlach ar fad ar siúl i rith mhí na Nollag. Beidh sonraí faoinár gclár ar fáil i mí na Samhna.
Chun imeachtaí uile na leabharlainne a fheiceáil, féach ar leathanaigh na n-imeachtaí.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do chomhairle áitiúil Brainse Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Chainnigh.