Skip to main content

An Toghchán Comhaontaithe

An Roinn-Turasóireacht,-Cultúr,-Ealaíona,-Gaeltacht,-Spóirt,-Meáin_Caighdeánach_Gréasándátheangach-lógó-15.10.20-gréasáin

“Tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tionscnamh Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.”

Míníonn an t-údar agus an Staraí Eoin Swithin Walsh sa phodchraoladh seo ‘Toghchán Comhaontaithe’ 1922 nuair a chuaigh iarrthóirí ar son agus in aghaidh an Chonartha san iomaíocht i dtoghchán faoi bhratach Shinn Féin.

Meastar ‘Olltoghchán mhí an Mheithimh 1922, ar a dtugtar an ‘Pact Election’ – mar gheall ar chomhaontú comhroinnte cumhachta a socraíodh idir Micheál Ó Coileáin agus Eamon De Valera – ar cheann de na cinn is tábhachtaí a reáchtáladh in Éirinn riamh. I súile go leor, breathnaíodh air mar vóta de facto ar an gConradh. Bhí Ceatharlach-Cill Chainnigh ina phríomhcheantar catha, mar is léir ó na pearsana iomadúla, ar nós WT Cosgrave, Eamon De Valera, Cathal Brugha agus Harry Boland, a tháinig ar cuairt sna laethanta roimh lá an toghcháin. Bhí seisear iarrthóirí ag dul do cheithre shuíochán. An mbeadh a mbealach féin ar fad ag Sinn Féin, idir son agus frith-Chonradh, nó an ngéillfeadh páirtithe beaga Pháirtí an Lucht Oibre agus Pháirtí na bhFeirmeoirí do phleananna an Chomhaontaithe? Faigh amach sa phodchraoladh seo.

 Comhaontú-Toghchán---Cill Chainnigh---Meitheamh-1922.mp3 (méid 29.6 MB)

De Valera ar rian an toghcháin

DE-valera

WT Cosgrave Ned Aylward

WT-Cosgrave                  Ned-Aylward

Cathal Brugha i Mooncoin

Cathal-Brugha