Preasráiteas Leabharlann Soghluaiste Chill Chainnigh

Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Chainnigh ag Comhcheangal le Cahill Truck Bodies ar Leabharlann Shoghluaiste den Chéad Ghlúin Eile

Tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Chill Chainnigh conradh a shíniú le Cahill Truck bodies, gnó teaghlaigh tríú glúin atá lonnaithe i nGráig na Manach, chun feithicil leabharlainne soghluaiste úrnua a cheannach. Is infheistíocht shuntasach í an fhorbairt spreagúil seo i seirbhísí leabharlainne a thabhairt go díreach chuig pobail, scoileanna, naíolanna agus tithe altranais ar fud Chathair agus Chontae Chill Chainnigh.

Déanfar an leabharlann shoghluaiste nua seo a thógáil go saincheaptha chun freastal ar riachtanais athraitheacha ár bpobal, agus spás nua-aimseartha, inrochtana agus fáilteach á thairiscint aici do léitheoirí de gach aois. Chomh maith leis sin, beidh réimse gnéithe atá feasach ar an gcomhshaol inti amhail soilsiú LED atá tíosach ar fhuinneamh agus painéil ghréine agus rithfidh sí ar ola glasraí hidriginithe chun lorg carbóin na feithicle a laghdú.

“Tá ríméad orainn a bheith ag obair le cuideachta áitiúil ar an tseirbhís phobail ríthábhachtach seo,” a dúirt Johanna Brennan, Leabharlannaí. “Is í an leabharlann shoghluaiste ár n-uirlis for-rochtana is luachmhaire, rud a ligeann dúinn teagmháil rialta a dhéanamh le scoileanna agus naíolanna chomh maith le daoine fásta i bpobail thuaithe agus i dtithe altranais nach bhfuil in ann cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil mar gheall ar shrianta ama, easpa iompair agus fadhbanna soghluaisteachta. Cuirfidh feithicil nua ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag cur litearthachta, foghlama agus cuimsithe chun cinn ar feadh na mblianta atá le teacht.”

Maoiníodh an fheithicil leabharlainne soghluaiste go páirteach faoi chlár Caipitil Leabharlann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus meastar go mbeidh sé críochnaithe agus ar an mbóthar faoi 2027.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Johanna Brennan, Leabharlannaí.

E: johanna.brennan@kilkennycoco.ie

Fón: 056 7794997

www.kilkennylibrary.ie

Íomhá: Sa phictiúr ó chlé: Rory Cahill, Joe Cahill (Cahill Truck Bodies), Josephine Coyne agus Art Hennessy (Comhairle Contae Chill Chainnigh)