Skip to main content

Físeáin Faisnéise Éire Shláintiúil

clár Éire Shláintiúil 2021

 Taispeánadh na físeáin seo a leanas mar chuid dár gclár Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann do 2021 agus tá na físeáin seo fós ar fáil le féachaint orthu.

 Tacaíocht do thuismitheoirí agus cúramóirí ógánaigh le Síceolaí FSS, Peadar Maxwell

https://www.youtube.com/watch?v=3ZgGMCpeHxA

Bí i dteannta Peader Maxwell, Síceolaí Sinsearach le FSS le haghaidh cainte do thuismitheoirí agus cúramóirí ógánaigh. Pléifidh Peadar an tábhacht a bhaineann le bheith i dteagmháil le do dhéagóirí, muinín a chothú agus teorainneacha a leagan síos. Tá sé seo mar chuid dár Sraith Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann

 Ag déileáil le brón agus caillteanas le Breffini McGuinness ó Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

https://www.youtube.com/watch?v=8uCg2njeOfA

Sa chaint léargasach seo, freagraíonn Breffini McGuiness roinnt ceisteanna tábhachtacha, cad is brón ann, conas a théann tú i dtreo aistear pearsanta an bhróin agus conas is féidir leat tacú leo siúd atá faoi bhrón. Tá dúshláin an chaillteanais agus an bhróin méadaithe mar gheall ar an bpaindéim mar uaireanta níor éirigh linn tacú lenár ngaolta mar a d’fhéadfaimis tráth.

 Tacaíocht do thuismitheoirí & cúramóirí leanaí óga le Síceolaí FSS, Peadar Maxwell

https://www.youtube.com/watch?v=ppP-WwwBP-4

Pléann Síceolaí Sinsearach le FSS, Peadar Maxwell, roinnt saincheisteanna tábhachtacha do thuismitheoirí lena n-áirítear am scáileáin, neamhspleáchas a mhúineadh do leanaí, déileáil le mothúcháin agus an tábhacht a bhaineann le codladh.

 Leideanna maidir le hobair bhaile rathúil le OT Owen Joyce

https://www.youtube.com/watch?v=r3-zA09i-uQ

Tugann Owen Joyce, Teiripeoir Saothair cláraithe caint ar “Leideanna le haghaidh obair rathúil sa bhaile” lena n-áirítear leideanna ar ghnáthaimh, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus eirgeanamaíocht. Is Teiripeoir Saothair comhairleach é Owen le Original Therapyes a dhéanann sainfheidhmiú ar cháilíocht beatha a gcliant a fheabhsú trí mheasúnú, trí chomhoibriú agus trí chomhairle phraiticiúil.

 Ag tógáil leanaí athléimneach leis an Dr Mary O’Kane

https://www.youtube.com/watch?v=58O0BELtA4w

Tugann an Dr. Mary O'Kane caint ar “Ag Ardú Leanaí Athléimneach”. Léachtóir le Síceolaíocht agus Oideachas na Luath-Óige ag teagasc leis an Ollscoil Oscailte é an Dr O’Kane. Sa chaint seo leagfaidh sí amach 3 chéim phraiticiúla is féidir le tuismitheoirí agus oideachasóirí a ghlacadh chun cabhrú le leanaí éirí níos athléimní agus iad ag déileáil le dúshláin an tsaoil.